Teastóidh uait léarscáil ón tSuirbhéireacht Ordanáis (scála 1:2500-1:10560), a léiríonn suíomh do láithreáin, agus plean suímh mionsonraithe (scála 1:100-1:500), a léiríonn leagan amach aon fhoirgneamh nua nó aon fhoirgneamh atá ann cheana. Marcáil le peann dearg cén áit go díreach a bhfuil an líne nó an cuaille atá le bogadh. Glactar le fótachóipeanna.
Tabhair do d'aire: I gcásanna ina n-éilítear ort cead pleanála a fháil don obair, ní mór duit sonraí faoin gcead sin a chur ar fáil.