Seiceáil go bhfuil an Uasacmhainn Iompórtála (MIC) i gceart do do chuid riachtanas.
Tá sé tábhachtach a dhearbhú go bhfuil an MIC oiriúnach do do chuid riachtanas. Má bhíonn an MIC ró-ard, beidh tú ag íoc as níos mó leictreachais ná mar atá de dhíth ort. Má tá sé ró-íseal, d’fhéadfadh sé go gcuirfí isteach ar fheidhmiú do threalaimh.
Molaimid duit dul i gcomhairle le conraitheoir nó le hinnealtóir leictreachais cláraithe lena fháil amach cén MIC is fearr a oireann duit. Le do MIC a athrú gabh chuig '‘Do Sholáthar a Mhéadú nó a Laghdú''
Tabhair do d'aire: Ní mór duit Comhaontú Nasctha a shíniú agus a sheoladh ar ais sula mbeidh tú in ann do MIC a athrú.