Baint do Mhéadair agus Gadaíocht Leictreachais
Is tábhachtaí le ESB Networks do shábháilteacht ná aon rud eile. Píosa trealaimh tábhachtach, b’fhéidir contúirteach, is ea do mhéadar leictreachais nach cóir cur isteach air ar bhealach ar bith.
Tá sé contúirteach agus in aghaidh an dlí baint do mhéadar leictreachais nó iarraidh ar dhuine éigin baint dó thar do cheann. D’fhéadfadh baint do mhéadar nó cur isteach ar aon trealamh leictreach a bheith contúirteach dóibh siúd atá páirteach ann, don phobal, do na seirbhísí éigeandála agus d’fhoireann ESB Networks.
Tá sé éasca méadar ar baineadh dó a bhrath agus tá foireann ar leith againn nach ndéanann aon rud ach iad siúd a bhí páirteach sa chion a aithint. Tá de pholasaí ag ESB Networks imeachtaí coiriúla a thionscnamh in aghaidh aon duine a bhaineann do mhéadar. De réir fhorálacha an Achta Fuinnimh (Forálacha Ilghnéitheacha), 2012, d’fhéadfadh sé go ngearrfaí fíneáil suas le €5,000, nó príosúnacht sé mhí, nó an dá rud, ar aon duine a bhainfidh d’aon earra (méadar san áireamh) ar le ESB Networks é.
Gadaíocht Leictreachais agus Baint do Mhéadair
Faigh tuilleadh eolais faoi na rioscaí ollmhóra a bhíonn ann do shábháilteacht an phobail nuair a bhaintear do mhéadair agus do cháblaí leictreachais in aghaidh an dlí.
Féach ar ár bhfíseán; ní thógfaidh sé ach cúpla nóiméad ort.
Baint do Mhéadar a Thuairisciú
Má tá amhras ort gur bhain duine éigin do mhéadar leictreachais, is féidir leat é sin a thuairisciú faoi rún daingean. Comhlánaigh an fhoirm ar líne thíos nó cuir glao ar 1850 211 827.
Más leatsa méadar ar baineadh dó, téigh i dteagmháil linn le go mbeimid in ann méadar nua a fheistiú go slán sábháilte.