Déanfar dearadh mionsonraithe nuair a bheidh an íocaíocht faighte, agus iarrfar na ceadanna agus na ceadanna slí atá riachtanach ó úinéirí talún. Beifear in ann tosú ar do nasc a thógáil nuair a bheidh na ceadanna sin comhaontaithe.
I gcásanna áirithe, d’fhéadfaí gur ghá cuaille leictreachais nua a chur suas ar an láithreán i bhfoisceacht 50 méadar ón gcaibinéad méadair lasmuigh. Féach an Paca Fáilte chun tuilleadh faisnéise a fháil ar lonnú an chaibinéid méadair lasmuigh.
Mura mbíonn aon obair shuntasach bhreise de dhíth, críochnóimid an obair ar do nasc taobh istigh de 12 sheachtain tar éis an íocaíocht a fháil go hiondúil.