Comhaontú GMPRN
Murar chuir tú GMPRN reatha isteach faoi Chéim 2 thuas, seolfar Comhaontú Nasctha GMPRN chugat nuair a gheofar d’iarratas. Ní mór é sin a shíniú agus a sheoladh ar ais sular féidir leanúint ar aghaidh le d’iarratas. Léirítear i gComhaontú Nasctha GMPRN freagrachtaí sainiúla maidir le naisc neamh-mhéadraithe de réir rialacha mhargadh an tsoláthair leictreachais neamh-mhéadraithe. Tugtar sonraí ann freisin ar an GMPRN a cruthaíodh le haghaidh na nasc ar fad don soilsiú poiblí laistigh den fhorbairt ábhartha
Iarratais in ainm an Údaráis Áitiúil
In iarratais in ainm na nÚdarás Áitiúil, ní mór an GMPRN reatha a lua faoinar cheart an nasc nua a ghrúpáil.
Iarratais in ainm Tógálaí/Forbróra
Má dhéanann Tógálaí/Forbróir iarratas ar nasc neamh-mhéadraithe do shoilsiú poiblí ina (h)ainm féin, tabharfar GMPRN nua dó/di. Éileofar air/uirthi Comhaontú Nasctha GMPRN a chomhlánú agus a sheoladh ar ais freisin sular féidir luachan a eisiúint. Más mian le hÚdarás Áitiúil freagracht a ghlacadh as an soilsiú poiblí ina dhiaidh sin, ní mór don Údarás teagmháil a dhéanamh lena sholáthraí leictreachais ar an gcéad dul síos agus a uimhir GMPRN a thabhairt dó. Ní mór don Údarás Áitiúil Comhaontú Nasctha GMPRN a chomhlánú ansin chun an t-aistriú a chur i gcrích.