Nuair a bheidh an obair ullmhúcháin curtha i gcrích agus caighdeán sásúil ann, cuirfimid tús leis na cáblaí/línte leictreachais agus aon trealamh eile is gá a chur isteach.
Tabhair faoi deara nach mór don chonraitheoir leictreachais cláraithe atá ag deimhniú an tsreangaithe leictreachais ar an áitreabh an deimhniú sreangaithe a sheoladh chuig a c(h)omhlacht rialála freisin agus d’uimhir MPRN agus do sheoladh a lua sular féidir do nasc chur i gcrích.
Is féidir an nasc nua a chur i gcrích nuair a bheidh an obair bhonneagair ar fad déanta agus nuair a bheidh na riachtanais thuas ar fad comhlíonta. Is é do chonraitheoir leictreachais a bheidh freagrach as an gcumhacht a chur ar siúl i d’áitreabh nua.
Is ar bhonn an Chomhaontaithe Forbartha a nascfar úinéir/áititheoir nua gach aonaid leis an líonra leictreachais freisin.