Faisnéis bhunaidh a sholáthar
Déanann an forbróir teagmháil linn ar an gcéad dul síos chun breac-chuntas a thabhairt dúinn ar an bhforbairt bheartaithe agus ar na riachtanais leictreachais ann.
Litir Comhaontaithe agus meastachán a fháil
Tar éis dúinn féachaint ar riachtanais na forbartha agus dearbhú go bhfuil gá le fostáisiún nua 110 kV nó 38 kV chun freastal ar an lód beartaithe, eiseoimid Litir Comhaontaithe agus meastachán bunaithe ar an méid oibre atá de dhíth chun dearadh mionsonraithe iomlán a sholáthar don Fhorbróir.
Glacadh le téarmaí na tairisceana
Ansin, is féidir leis an bhForbróir glacadh leis na téarmaí atá sa Litir Comhaontaithe i leith Obair Deartha trí na nithe seo a leanas a dhéanamh:
‘Banna Deartha’ arna fhorghníomhú ag institiúid airgeadais oiriúnach a fháil agus an banna forghníomhaithe a chur ar ais chuig ESB Networks.
‘An Fhoirm um Ghlacadh le Tairiscint’ i leith na hoibre deartha a shíniú agus a chur ar ais. Cuirtear an fhoirm ar fáil in éineacht leis an litir.
Ní mór na doiciméid sin a chur ar ais chuig ESB Networks laistigh de thrí mhí tar éis dháta eisiúna na litreach.
Litir Comhaontaithe a eisiúint i leith na hoibre tógála
Nuair a bheidh an dearadh curtha i gcrích agus an láithreán don fhostáisiún ardvoltais (HV) aistrithe chuig ESB Networks, eiseoimid Litir Comhaontaithe i leith na n-oibreacha is gá a dhéanamh chun an lód a nascadh.
Glacadh le téarmaí na Litreach Comhaontaithe i leith na hoibre tógála
Ansin, is féidir leis an bhForbróir glacadh leis na téarmaí atá sa Litir Comhaontaithe i leith Obair Thógála trí na nithe seo a leanas a dhéanamh:
- Aon táille ranníocaíochta caipitiúla a bhaineann leo seo a leanas a íoc:
- I gcás nach nglactar leis an réiteach inghlactha go teicniúil ar an gcostas is ísle, beidh ar an bhforbróir aon chostas breise a íoc.
- Má dhéantar iarratas an fostáisiún a shuíomh ar láthair nach é an láthair is fearr é, gearrfar táille ar na costais bhreise a bhaineann leis an bhfostáisiún a shuíomh ar an láthair iarrtha.
- ‘Banna Cumais’ arna fhorghníomhú ag institiúid airgeadais oiriúnach a fháil agus an banna forghníomhaithe a chur ar ais chuig ESB Networks.
- An Fhoirm um Ghlacadh le Tairiscint i leith Oibreacha Tógála a shíniú agus a chur ar ais.