MIC de 29 kVA ní níos lú
Ní mór don chonraitheoir leictreachais cláraithe atá ag deimhniú an tsreangaithe leictreachais ar an áitreabh an deimhniú sreangaithe ETCI a sheoladh chuig a c(h)omhlacht rialála freisin agus d’uimhir MPRN agus do sheoladh a lua. Seolfar chugainn é go huathoibríoch ansin. Tuilleadh eolais faoin bPróiseas Deimhnithe.
MIC de 30 kVA nó níos mó
Cláraigh le do rogha
Soláthraí Leictreachais i dtosach báire.
Beidh ort d’uimhir MPRN agus seoladh an áitribh a thabhairt don soláthraí nuair a rachaidh tú i dteagmháil leo.
Tabhair faoi deara nach mór don chonraitheoir leictreachais cláraithe atá ag deimhniú an tsreangaithe leictreachais ar an áitreabh an deimhniú sreangaithe ETCI a sheoladh chuig a c(h)omhlacht rialála freisin agus d’uimhir MPRN agus do sheoladh a lua sular féidir an chumhacht a chur ar siúl.
Is féidir an nasc nua a chur i gcrích nuair a bheidh an obair bhonneagair ar fad déanta agus nuair a bheidh na riachtanais thuas ar fad comhlíonta.
Is é do chonraitheoir leictreachais a bheidh freagrach as an gcumhacht a chur ar siúl i d’áitreabh nua.