Príomhréimsí Feabhsúcháin
Tá leagtha amach inár bPlean Feabhsaithe Seirbhíse do Chustaiméirí na 10 bpríomhréimse feabhsúcháin a ndíreoimid orthu:
- É a dhéanamh éasca le déileáil linn
- Luach ar airgead a bhaint amach
- Tús áite a thabhairt don tsábháilteacht agus don tseasmhacht
- Leas a bhaint as na teicneolaíochtaí is fearr dá bhfuil fáil orthu
- Cumhacht a thabhairt dár mbaill foirne le freastal ortsa, an custaiméir
- Ról lárnach a imirt i dtodhchaí na hÉireann
- Ár ndícheall a dhéanamh scoth na seirbhíse a chur ar fáil
- Obair a dhéanamh as lámha a chéile leis an tionscal leictreachais thar do cheann
- Aire a thabhairt don chomhshaol
- Ár ngnó a fhorbairt de réir phrionsabail an ionracais, na macántachta agus chothrom na Féinne.
Táimid tiomanta do réimse leathan feabhsúchán a dhéanamh d’fhonn seirbhís níos fearr a chur ar fáil ar mhaithe leis an ngeilleagar, leis an gcustaiméir agus don todhchaí.