It appears JavaScript is disabled. To get the most out of the website we recommend enabling JavaScript in your browser.
Úsáidtear fianáin ar an láithreán gréasáin seo, trí leanúint ar aghaidh aontaíonn tú lena n-úsáid. Tá tuilleadh eolais faoi fhianáin agus faoi cén chaoi iad a bhainistiú le fáil ar ár leathanach Príobháideachas. Dún
ACS
Is muidne ESB Networks. Déanaimid cinnte de go seachadtar leictreachas chuig tithe agus gnóthais na 2.3 milliún custaiméir atá againn ar bhealach slán, éifeachtúil. Tá breis is €6 billiún infheistithe againn sa líonra leictreachais le 10 mbliana anuas lena chinntiú gur féidir brath air agus go gcuireann sé ar chumas pobal agus gnóthas in Éirinn fás agus forbairt.
Cuirimid réimse leathan seirbhísí ar fáil dár gcustaiméirí, agus ní mór do gach duine acu a bheith cláraithe le soláthraí leictreachais. Gach bliain déanaimid níos mó ná 9 milliún léamh méadair agus tugaimid na torthaí do do sholáthraí lena chinntiú go dtabharfar bille ceart duit. Cuirimid réimse seirbhísí teicniúla ar fáil freisin mar an cumhacht a athsholáthar nuair a tharlaíonn fabhtanna sa líonra, mar shampla, de thoradh stoirmeacha. Déanaimid athruithe ar na línte leictreachais nuair a iarann an custaiméir é sin orainn, agus athraímid ár seirbhís nuair a iarann na soláthraithe orainn iad a dhéanamh. Ní mór íoc as cuid de na seirbhísí sin, áfach.
Tugaimid tús áite do do shábháilteacht. Foinse chumhachtach fuinnimh é leictreachas, ach is féidir leis a bheith contúirteach. Lean ár dtreoirlínte sábháilteachta i gcónaí. Lena chinntiú go mbeidh tú sábháilte fan glan amach ó shreanga leictreachais lasnairde agus faoi thalamh agus ó shreanga leictreachais atá tar éis titim. Bí ag faire amach do shreanga leictreachais i gcónaí nuair a bhíonn tú lasmuigh. ‘Fan slán, fan amach’. I gcásanna éigeandála glaoigh 1850 372 999.
Tugaimid tús áite do ghníomhú go freagrach i ngach gné dár ngnó.
Fochuideachta de chuid Ghrúpa Bhord Soláthair an Leictreachais (ESB) is ea muid, atá ceadúnaithe leis an gcóras dáileacháin leictreachais a oibriú i bPoblacht na hÉireann. Táimid freagrach as an líonra leictreachais a thógáil, a oibriú, a chothabháil agus a fhorbairt agus as freastal ar gach uile chustaiméir leictreachais ó cheann ceann na tíre.
Táimid freagrach as an infreastruchtúr ar mheánvoltas agus ar ísealvoltas ar fad sa tír a thógáil agus as an infreastruchtúr sin a oibriú agus a chothabháil, ar infreastruchtúr é atá faoi úinéireacht ESB. Tá i gceist leis an gcóras dáileacháin leictreachais na stáisiúin dáileacháin, na línte leictreachais lastuas, na cuaillí agus na cáblaí faoi thalamh.
Cuirtear airgead ar fáil dá ndéanann ESB Networks trí ‘tháillí as úsáid an chórais’, a fhaightear ó Sholáthraithe Leictreachais a chuireann billí chuig custaiméirí as an méid leictreachais a úsáideann siad. Is é an Coimisiún um Rialáil Fuinnimh a dhéanann na ‘táillí as úsáid an chórais’ sin a rialú.
Tá an tseirbhís do chustaiméirí i gcroílár gach a ndéanaimid. Cuirimid seirbhísí ar fáil do gach uile chustaiméir leictreachais beag beann ar an soláthraí leictreachais a úsáideann siad. Tá na 3,000 ball foirne atá againn ar fud fad na tíre tiomanta do bharr feabhais a bhaint amach i ngach uile ghné den chaidreamh atá againn leat.
177,500 km
Fad iomlán na
línte lastuas agus na gcáblaí faoi thalamh
atá sna córais tarchurtha agus dáileacháin
atá á mbainistiú ag ESB Networks
Déanann ESB Networks an córas tarchurtha a mhaoiniú, a thógáil agus a chothabháil. Is é sin an córas trína sreabhann an leictreachas ó na stáisiúin ghiniúna chuig na bulcphointí soláthair atá suite gar do chathracha agus do bhailte in Éirinn. Déanann sé an méid sin faoi Cheadúnas d’Úinéir Sócmhainní Tarchurtha arna bhronnadh ag CER. Comhlíonann ESB Networks na feidhmeanna tarchurtha dá chuid faoi stiúir Eirgrid.
Nascamar
30,206
custaiméir nua sa bhliain 2019,
rud a fhágann go bhfuil
2,371,745
custaiméir nasctha
leis na córais dáileacháin ar an iomlán
Déanann an córas dáileacháin leictreachas a iompar ó na bulcphointí soláthair chuig na húsáideoirí leictreachais ar fad. Déanaimid na feidhmeanna uile faoin gCeadúnas d’Oibritheoir Córais Dáileacháin (DSO) (PDF 1MB) arna bhronnadh ag CER. I measc na bhfeidhmeanna sin tá pleanáil, tógáil, cothabháil, oibriú, méadrú úsáide deiridh ag an gcustaiméir agus soláthar sonraí do chuideachtaí soláthair leictreachais.
ESB Networks CGA., Cláraithe in Éirinn - Uimhir Chláraithe 465172. Oifig Chláraithe: Teach Chlann Liam, Plás Chlann Liam, Baile Átha Cliath 2