Cód Dáileacháin ESB Networks
Is éard atá i gceist againn nuair a dhéanaimid tagairt don Chóras Dáileacháin ná an córas dáileacháin leictreachais i bPoblacht na hÉireann. Is é an tOibritheoir Córais Dáileacháin (OCD) an t-údarás ainmnithe atá freagrach as an gCóras Dáileacháin a oibriú agus bhronn an Coimisiún um Rialáil Fuinnimh (CRF) Ceadúnas d’Oibritheoir Córais Dáileacháin(PDF | 1 MB) orainn.
An Cód Dáileacháin
Tá sainmhíniú tugtha sa Chód Dáileacháin (PDF | 1MB) seo ar na gnéithe teicniúla den chaidreamh idir an OCD agus na páirtithe ar fad a bhaineann úsáid as an gCóras Dáileacháin. Tá sé mar aidhm aige córas éifeachtúil, comhordaithe agus tíosach a bhaint amach i gcomhair dáileadh leictreachais.
D’fhaomh an Coimisiún um Rialáil Fuinnimh (CRF) an Cód Dáileacháin den chéad uair i mí an Mhárta, 2000. Ní mór don Choimisiún aon mhionathrú nó nuashonrú ar an gcód seo a fhaomhadh. Tá tuilleadh sonraí le fáil in Bunreacht an Chóid Dáileacháin (PDF | 323 KB).
Painéal Athbhreithnithe an Chóid Dáileacháin
Tá ESB Networks freagrach as Painéal Athbhreithnithe an Chóid Dáileacháin (PACD) a chur ar bun agus a choinneáil, mar chuid den cheadúnas do OCD.
Buanchomhlacht is ea PACD a bhunaítear le hathbhreithniú a dhéanamh ar an gCód Dáileacháin agus le moltaí a dhéanamh lena bhfaomhadh ag an gCoimisiún um Rialáil Fuinnimh.
Má bhíonn aon cheist agat maidir leis an gCód Dáileacháin agus an Painéal Athbhreithnithe, seol ríomhphost chuig: DistCodePanel@esb.ie