Fís 2027 ESB Networks
Is é ár bhfís don bhliain 2027 go mbeidh Líonra Leictreachais den chéad scoth againn a thabharfaidh tús áite don tsábháilteacht, don éifeachtúlacht agus do sheasmhacht an tsoláthair, a thacóidh leis an ngeilleagar, agus a bhainfidh amach ár spriocanna inbhuanaitheachta - is é sin le rá Líonra Cliste.
Ár Straitéis
Braithfidh líonraí na todhchaí ar bhealaí cumarsáide ardluais agus ar ardchórais teicneolaíochta faisnéise. Is í an acmhainn fheabhsaithe sin a chuirfidh ar ár gcumas dúshláin chórais chasta a shárú amach anseo. Cumasófar do chustaiméirí ról níos gníomhaí a imirt i bhfuinneamh a bhainistiú freisin. Tá ESB ar thús cadhnaíochta ó thaobh Líonraí Cliste a leagan amach. Bainfear an méid sin amach trí thabhairt faoi thionscnaimh taighde agus trí pháirt a ghlacadh i gcomhpháirtíochtaí náisiúnta agus idirnáisiúnta.
ESB Networks 2027