ESB Networks - Ár nInfreastruchtúr
Tá tábhacht ollmhór ag baint le hinfreastruchtúr líonraí leictreachais i leith geilleagar agus sochaí nua-aimseartha a fheidhmiú.
Ár nInfreastruchtúr
Cuireadh an líonra náisiúnta leictreachais ar bun in Éirinn ar an gcéad dul síos sa bhliain 1927, tráth ar tógadh Scéim Hidrileictreachais Shionainne. Tá athrú ó bhonn tagtha ar Éirinn ó shin i leith; tír thearcfhorbartha ar fhorimeall na hEorpa ab ea í an tráth sin, ach is tír í anois a bhfuil geilleagar nua-aimseartha aici. Tá forbairt na líonraí leictreachais ar cheann de na rudaí a bhí taobh thiar den athrú sin. Sprioc thábhachtach ab ea clár leictriú na tuaithe, a bhí ar siúl ó 1947 go dtí 1956. Is faoin gclár sin a tugadh an leictreachas ní b’fhaide ná na cathracha agus na bailte agus amach chun na dtithe, na bhfeirmeacha agus na sráidbhailte amuigh faoin tuath.
Tá athrú ollmhór á dhéanamh ar an gcóras leictreachais faoi láthair mar gheall ar an ngealltanas a thug Éire gur ó fhoinsí in-athnuaite a thiocfadh 40% dá cuid leictreachais faoin mbliain 2020. Tá na líonraí leictreachais á n-oiriúnú leis an dúshlán sin a shárú. Beidh uasghrádú suntasach ar an gcóras tarchurtha ag teastáil agus beidh gá le línte nua a thógáil. Bainfear feidhm as teicneolaíochtaí faisnéise agus córais chumarsáide nua mar chuid den phlean seo freisin, rud a chuirfidh ar chumas custaiméirí leictreachas a tháirgeadh mar aon le leictreachas a ídiú.
An Córas Tarchurtha
Is a bhuí leis an gcóras náisiúnta tarchurtha leictreachais gur féidir roinnt mhaith leictreachais a iompar ó stáisiúin ghiniúna, feirmeacha gaoithe ina measc, go dtí na bulcphointí soláthair atá suite gar do na mórionaid daonra, áit a bhfuil an córas tarchurtha nasctha leis an gcóras dáileacháin. Ina theannta sin, tá sé nasctha go díreach le roinnt suíomhanna custaiméara, a dteastaíonn uathu méideanna móra leictreachais. Is ann d’idirnascairí leis an gcóras tarchurtha i dTuaisceart Éireann, mar aon le hidirnascaire Thoir/Thiar leis an gcóras tarchurtha sa Bhreatain trí cháblaí faoin bhfarraige.
Bíonn ardvoltas ag teastáil le méideanna móra leictreachais a tharchur i bhfad i gcéin. Línte lastuas a oibríonn ar 400kV, 220kV agus 110kV atá sa chóras tarchurtha den chuid is mó. Úsáidtear fostáisiúin a bhfuil claochladáin iontu le gur féidir leis an leictreachas sreabhadh idir na leibhéil dhifriúla voltais. Féach Tábla 1 le haghaidh tuilleadh eolais faoin gcóras tarchurtha atá ag ESB.
| Línte Tarchurtha |
(km) |
Stáisiúin Tarchurtha |
|
| |
|
Stáisiúin 400kV |
5 |
| Línte Lastuas 400kV |
433 |
Stáisiúin 220kV |
1 |
| Cáblaí 400kV faoi Thalamh |
2 |
Stáisiúin 110kV |
32 |
| Línte Lastuas 220kV + 275kV |
1,876 |
Claochladáin 400/220kV |
7 |
| Cáblaí 220kV + 275kV faoi Thalamh
|
137 |
Claochladáin 400/110kV |
1 |
| Línte Lastuas 110kV |
4,878 |
Claochladáin 275/220kV |
3 |
| Cáblaí 110kV faoi Thalamh |
81 |
Claochladáin 220/110kV |
50 |
Tábla 1 - Sonraí faoi réim an Chórais Tarchurtha atá ag ESB
Is é ESB Networks a thógann an córas tarchurtha agus a dhéanann cothabháil air. Is é Eirgrid, cuideachta neamhspleách ar leith atá faoi úinéireacht an stáit, a bhainistíonn na sreafaí cumhachta ar an gcóras tarchurtha sin, lena n-áirítear rialú an leictreachais a ghintear sna príomhshaoráidí giniúna. Déanann Eirgrid forbairt an chórais a phleanáil lena chinntiú gur leor an córas tarchurtha le freastal ar an éileamh ar leictreachas a mhéadóidh amach anseo agus le déileáil leis an gcion méadaithe leictreachais a thiocfaidh ó fhoinsí in-athnuaite, feirmeacha gaoithe den chuid is mó. Tá tuilleadh eolais faoi oibriú agus faoi fhorbairt an chórais tarchurtha, lena n-áirítear eolas faoi thionscadail forbartha ar leith, le fáil ar áithreán gréasáin Eirgrid.
An Córas Dáileacháin
Is é an córas dáileacháin a chumasaíonn sreabhadh an leictreachais ón gcóras tarchurtha chuig 2.3 milliún áitreabh custaiméara in Éirinn. Cuimsíonn sé líonraí a fheidhmíonn ag 110kV i mórcheantar Bhaile Átha Cliath, mar aon le líonraí a fheidhmíonn ag 38kV, 20kV, 10kV agus ísealvoltas (ÍV) ar fud na tíre.
Tá 30% den phobal in Éirinn ina gcónaí taobh amuigh de na cathracha agus na bailte agus tá an chaoi a bhfuil muintir na tuaithe scaipthe ar fud na háite a bheag nó a mhór léirithe i saintréithe an chórais dáileacháin. Tá meánfhad an líonra in aghaidh an duine a cheithre oiread níos faide ná an meánfhad Eorpach. Is é cóimheas línte lastuas agus cáblaí faoi thalamh ná 6 : 1.
| Líon |
Cur Síos |
| 2.1 milliún |
Cuaillí Adhmaid |
| 150,000 km |
Líne Lastuas |
| 22,000 km |
Cábla faoi Thalamh |
| 230,000 |
Claochladáin MV/LV atá gléasta ar Chuaillí |
| 20,000 |
Fostáisiúin Talún MV/LV |
| |
Fostáisiúin 110kV/38V nó 110MV |
| |
Fostáisiúin 38kV/MV |
| 2.3 milliún |
Méadar |
Tábla 2 - Staitisticí maidir leis an gCóras Dáileacháin
Le tuilleadh eolais a fháil, féach Eochairstaitisticí maidir le ESB Networks, 2014 (PDF | 270 KB)
Ós rud é go bhfuil an-chuid de na línte lastuas fágtha gan chosaint ar an aimsir agus ar theagmhais eile, bíonn sé deacair go leor soláthar imleor ar féidir brath air a choinneáil i gceantair thuaithe. Thug ESB Networks faoi mhór-athchóiriú ar na líonraí meánvoltais (MV) i gceantair thuaithe i rith na tréimhse 1996 – 2006, tráth ar athsholáthraíodh thart ar 40% de na cuaillí agus a ndearnadh 50% de na líonraí a uasghrádú ó 10kV go 20kV. Tá an córas níos láidre in aghaidh dálaí drochaimsire anois agus cuirtear soláthar níos láidre ar fáil nuair is gá mar thoradh ar an gclár sin. Tá a thuilleadh infheistíochta déanta ó 2007 i leith i dtrealamh a laghdaíonn an tionchar a imríonn fabhtanna ar chustaiméirí tríd an soláthar a chur ar ais go huathoibríoch, nó, i gcásanna áirithe, go cianda ó ionaid rialaithe. Tá breis is 1,500 gléas den chineál sin á n-úsáid anois. Tá feabhas ollmhór tagtha ar iontaofacht an tsoláthair leictreachais faoin tuath mar gheall ar na hinfheistíochtaí sin.
Fuinneamh ar Bheag-Astú Carbóin
Tá an córas dáileacháin á athchóiriú d’fhonn fuinneamh ar bheag-astú carbóin a sholáthar amach anseo, rud atá ag teacht leis an ngealltanas a thug Éire gur ó fhoinsí in-athnuaite a thiocfadh 40% dá cuid leictreachais faoin mbliain 2020. Amhail ag deireadh mí an Mheithimh, 2015 bhí breis is 866 MW d’acmhainn ghiniúna gaoithe nasctha leis an gcóras dáileacháin. Tá níos mó ná 1,500 pointe mearluchtaithe d’fheithiclí leictreacha curtha ar fáil in áiteanna poiblí le blianta beaga anuas a bhuíochas le tionscnamh de chuid ESB Networks. Táthar ag súil go gcuirfear méadair chliste nua isteach do chustaiméirí tí agus gnóthais bhig as seo go ceann cúig bliana, rud a chuirfidh ar chumas soláthraithe leictreachais táillí éagsúla a ghearradh as leictreachas ag brath ar an am den lá.