Le feiceáil anois: Íoc-mar-a-Úsáidtear Féach gach Rud

Is éard is Méadar íoc-mar-a-úsáidtear ná méadar a gceannaíonn tú creidmheas dó agus a luchtaíonn tú isteach i do mhéadar é sula n-úsáideann tú an leictreachas. Le haghaidh tuilleadh eolais a fháil téigh chuig Méadar íoc-mar-a-úsáidtear.
Beir leat do Chárta Íoc-mar-a-úsáidtear nó d’uimhir mhéarchláir chuig an asraon is gaire duit ina bhfuil pointe íocaíochta agus faigh breisiú creidmheasa den mhéid atá uait. 
Bí ag faire amach le haghaidh siopaí a bhfuil comharthaí pointe íocaíochta Payzone nó PayPoint ar taispeáint acu nó téigh i dteagmháil le do sholáthraí leictreachais. 
Brúigh an cnaipe * ar an méarchlár. Taispeánfar an teachtaireacht MÉARCHLÁR. Cuir isteach an cód iomlán um breisiú creidmheasa, agus an eochair # ina dhiaidh. Má chuireann tú isteach uimhir mhícheart ar bith, is féidir leat í a scriosadh ach an eochair * a bhrú. Nuair chuirtear cód bailí isteach ar an méadar beidh “Glactha" le feiceáil ar an scáileán.
Tá cód mícheart curtha isteach agat agus ní mór duit é a scriosadh trí an eochair * a bhrú.
Ciallaíonn sé sin gur glac an méadar leis an gcód um breisiú creidmheasa.
D’fhág tú uimhir ar lár nó d’iontráil tú an Cód um breisiú creidmheasa go ró-mhall. Tosaigh arís.
Tá do phlean maidir le praghas athraithe agus tá cód 40 digit riachtanach don mhéadar. Téigh i dteagmháil le do sholáthraí leictreachais mura bhfuil an cód sin agat. Fan go dtí go nglantar an teachtaireacht sin, brúigh an cnaipe * agus ansin cuir isteach an cód speisialta faoi athrú taraife.
Iontráladh an cód um breisiú creidmheasa cheana. Ní cheadaíonn an méadar an cód céanna a chur isteach níos mó ná uair amháin. Má bhrúnn tú 4 is féidir leat na 5 chód dheireanacha a cuireadh isteach a fheiceáil.
Tá an creidmheas uasta curtha isteach sa mhéadar agus ní féidir leis cód um breisiú creidmheasa a ghlacadh ag an am sin.
Níor cuireadh isteach an cód ceart um breisiú creidmheasa nó níl an méadar socruithe sa mhód íoc-mar-a-úsáidtear.