Ní mór duit cuntas a chlárú le
Soláthraí Leictreachais de do rogha féin. Iarrfaidh do sholáthraí do MPRN ort. Is féidir é seo a fháil de ghnáth ó do thiarna talún nó ó do ghníomhaire eastáit, nó is féidir leat dul i dteagmháil le ESB Networks agus an
uimhir RM ón méadar a lua agus beimid in ann cabhrú leat. Beidh léamh méadair ag teastáil ó do sholáthraí freisin ón lá a bhogann tú isteach.