Le feiceáil anois: Lean do Nasc Féach gach Rud

Beidh tú in ann d’iarratas a leanúint nuair a bheidh foirm chomhlánaithe curtha isteach agat.
Féadann. Féadtar gach iarratas a chuirtear isteach ar líne a leanúint ar an leathanach ‘M’Iarratais ar Naisc’. 

Tá liosta de d’iarratais uile ar fáil ansin, chomh maith le stádas gach iarratais. 

Féadtar chomh maith aon iarratas ar mian leat tuilleadh sonraí a fháil ina leith a roghnú. Níl an fhaisnéis rianaithe ar fáil ach amháin le haghaidh naisc úra aonair bhaile agus tráchtála níos lú ná 100kVA.
Féadtar naisc úra a leanúint le haghaidh áitreabh aonair baile agus tráchtála níos lú ná 100kVA.
Déantar na sonraí a athnuachan go luath gach maidin, Luan go hAoine. Má bhí aon athrú do stádas do naisc, léireofar é seo ar an gcéad lá eile.

Is éard is brí le ‘Ar Feitheamh’ ná go bhfuilimid ag fanacht ar nuashonruithe maidir leis an bhfaisnéis seo a leanas: 

  • An deimhniú um shreangú ó do Chonraitheoir Leictreachais 
  • Fógra go bhfuil do dhucht seirbhíse faoi thalamh réidh 
  • Deimhniú gur chláraigh tú le Soláthraí Leictreachais
Is é do leictreoir a thugann na sonraí ar do dheimhniú suas chun dáta go leictreonach trí Safe Electric. Cuireann Safe Electric ESB Networks ar an eolas faoi shonraí an Deimhnithe. Féadfaidh sé go dtógfaidh sé suas le 2 lá oibre chun é seo a léiriú ar an Rianaire.
Is é an dáta a léirítear ar an Rianaire ná an dáta seoladh an meastachán sa phost chuig do sheoladh comhfhreagrais. Tabhair 2 lá oibre le haghaidh eisiúint an mheastacháin tríd an bpost.
Níl leagan ar líne den mheastachán againn ag an tráth seo, faraor. Má léirítear ar an Rianaire gur eisíodh do mheastachán, tá sé curtha sa phost chuig an seoladh comhfhreagrais atá curtha ar fáil. Tabhair 2 lá oibre le haghaidh eisiúint an mheastacháin tríd an bpost.

Is éard is brí leis seo ná go bhfuilimid ag fanacht ar an méid seo a fháil: 

  • Comhaontú um Nasc sínithe, agus 
  • An meastachán a íoc Féadfaidh sé go mbrúfar d’iarratas ar nasc ar aghaidh nuair a bheidh siad seo críochnaithe.