Cuir 10 lá san áireamh don seachadadh.
Ní féidir linn léarscáileanna a chur ar fáil lena mbailiú ach i gcásanna éigeandála AMHÁIN. Cuir glao ar l 1850 928 960 nó ar +353 (0) 1 8582060 chun é sin a eagrú. Ní bhíonn an tseirbhís seo ar fáil ach ó Luan go hAoine amháin.
Is féidir. Déan teagmháil leis an Láithreán Lárnach ar 1850 928 960 nó ar +353 (0) 1 8582060 le sonraí a fháil faoi na téarmaí agus na coinníollacha a bhaineann leis an tseirbhís seo.
Tá creidmheas éigeandála ceaptha chun am a thabhairt duit breisiú creidmheasa a cheannach. Déanfaidh an méadar an leictreachas a dhínascadh go huathoibríoch nuair a bheidh an creidmheas go léir ídithe. Tabhair faoi deara nach ndéanfaidh do mhéadar é a dhícheangal i rith amanna nuair a bheidh "Creidmheas cairdiúil” i bhfeidhm.                                      

Luan - Déardaoin:

Idir 4pm – 9am an chéad mhaidin eile (5pm - 10am i rith am Samhraidh)      

Aoine - Luan: 

Ó 4pm ar an Aoine go 9am ar an Luan (5pm – 10am i rith am Samhraidh)

Laethanta Saoire poiblí: Oíche Nollag, Lá Nollag, Lá Fhéile Stiofáin, Oíche Chinn Bliana, Lá Caille agus Lá Fhéile Pádraig

Ní féidir. Ní mholaimid leictreoirí faoi leith. Is féidir leat dul i dteagmháil le comhlachtaí rialála leictreoirí mar ECSSA nó RECI chun liosta dá gcomhaltaí a fháil nó dul go dtí Safe Electric.
Níl aon táille chun miongineadóir a cheangal le gréasán an ESB ar choinníoll go gcomhlíonann sé EN50438, nó a choibhéis.
Is é €340 (CBL san áireamh) an táille reatha lena shuiteáil.
Beidh ort Iniúchadh a fháil ó cheann de na Comhlachtaí Rialála mar ECSSA nó RECI nó dul chuig Safe Electric chun deimhniú sreangaithe a fháil. Dearbhaíonn an deimhniú sreangaithe go bhfuil an sreangú déanta de réir an chaighdeáin riachtanaigh agus mar sin tugann sé dearbhú go bhfuil d’fhearas sreangaithe sábháilte. Le haghaidh tuilleadh eolais téigh go dtí Próiseas Deimhnithe.
Níl sé éigeantach méadar iompórtála/easportála a shuiteáil i ngach cás. Déanfaimid seiceálacha ar do mhéadar atá ann cheana féin le fáil amach an bhfuil sé oiriúnach. Mura bhfuil méadar Iompórtála/Easpórtála suiteáilte, ní bheidh tú in ann iarratas ar íocaíocht a dhéanamh chuig soláthraí agus ní dhéanfar na haonaid a onnmhairítear a thaifead.
Íoctar jabanna iníoctha roimh ré. Seolfaidh do leictreoir deimhniú sreangaithe chugat trína c(h)uideachta chláraithe.