Gheobhaidh tú fógra sa phost ar a laghad dhá lá oibre roimh an ngearradh beartaithe ina n-inseofar duit an dáta agus an t-am go garbh a thosófar agus a chríochnófar an gearradh cumhachta. I gcás gach gearradh beartaithe a bhaineann le níos mó ná 10 custaiméirí beidh nuashonruithe. Fíor-ama le fáil fúthu ar ESB Networks PowerCheck.

Íoslódáil an Foirm Éilimh um Chúiteamh Crainn (PDF | 184 KB) nó glaoigh ar 1850 372 757 nó ar +353 21 2386555 chun cóip a iarradh.

Seol an fhoirm chomhlánaithe, mar aon le léarscáil Suirbhéireachta Ordanáis de do chuid talún, chuig:

Rannóg Riaracháin na gCrann
ESB Networks CGA
Bosca PO 29
Carraig an Chaisleáin
Baile Átha Luain
Saorphost
Co. na hIarmhí
Ní thabharfar. Ní thugaimid cúiteamh do chustaiméirí as gearrthacha cumhachta. Gné de ghréasán leictreachais is ea an chaoi go gcaithfear línte a lascadh as ó am go ham chun cothabháil a dhéanamh. Tuigimid a mhíchaoithiúla is a bhíonn gearrthacha dár gcustaiméirí agus déanaimid ár ndícheall obair a dhéanamh agus na línte beo. Mar sin féin, bíonn sé riachtanach uaireanta línte a a lascadh as ar chúiseanna sábháilteachta mar go mbeadh sé ró-chontúirteach dár bhfoirne deisithe líonra a bheith ag obair orthu. Cé go ndéanann muid ár ndícheall na gearrthacha sin a laghdú, tá siad riachtanach chun seirbhís leictreachais níos fearr a chinntiú.
Fanfaidh a bhfuil sa reoiteoir slán ar feadh suas le 24 uair an chloig gan leictreachas má choinnítear an reoiteoir dúnta. Bí cinnte doras an reoiteora a choinneáil dúnta i rith an ghearrtha cumhachta. Ní mhaireann gearrthacha cumhachta níos faide ná 8 n-uaire an chloig de ghnáth.
Ní tharlaíonn. Is féidir an chumhacht a ghearradh lá ar bith sa tseachtain, Domhnach nó dálach.
Téigh go dtí ESB Networks PowerCheck chun faisnéis fíor-ama a fháil faoi gearrthacha cumhachta nó glaoigh orainn ag 1850 372 999 nó ag +353 21 2382410.
Bíonn sé mar aidhm againn i gcónaí cloí leis na hamanna measta agus críochnaítear formhór mór na mbristeacha cumhachta de réir an sceidil. Mar sin féin, ó am go chéile leantar ar aghaidh leis an obair níos faide ná sin mar gheall ar chúiseanna teicniúla nó sábháilteachta. Ní mór tús áite a thabhairt do shábháilteacht na foirne agus na gcustaiméirí. Mar sin, ba cheart duit déileáil le leictreachas amhail is dá mbeadh sé beo i gcónaí le linn gearradh cumhachta. D’fhéadfaí do soláthar cumhachta a chur ar ais nóiméad ar bith. Tá nuashonruithe fíorama faoi ghearrthacha cumhachta beartaithe a bhaineann le níos mó ná 10 custaiméir ar fáil ar ESB Networks PowerCheck.
Ní chuirimid gineadóirí ar fáil i gcásanna den sórt sin. Insímid do chustaiméirí ar a laghad dhá lá oibre roimh aon ghearradh cumhachta beartaithe. Molaimid duit dul i gcomhairle le do chomhairleoir leighis chun aon bhearta oiriúnacha a phleanáil. Téigh go dtí Beartas i leith Custaiméirí Leochaileacha chun tuilleadh eolais a fháil.
Is éard is Méadar íoc-mar-a-úsáidtear ná méadar a gceannaíonn tú creidmheas dó agus a luchtaíonn tú isteach i do mhéadar é sula n-úsáideann tú an leictreachas. Le haghaidh tuilleadh eolais a fháil téigh chuig Méadar íoc-mar-a-úsáidtear.
Beir leat do Chárta Íoc-mar-a-úsáidtear nó d’uimhir mhéarchláir chuig an asraon is gaire duit ina bhfuil pointe íocaíochta agus faigh breisiú creidmheasa den mhéid atá uait. 
Bí ag faire amach le haghaidh siopaí a bhfuil comharthaí pointe íocaíochta Payzone nó PayPoint ar taispeáint acu nó téigh i dteagmháil le do sholáthraí leictreachais.