Táimid freagrach as leictreachas a sholáthar chuig do theach agus do gnó. Táimid aire do línte lastuas, do cháblaí faoi thalamh agus d’fhostáisiúin. Is í do Sholáthraí Leictreachais an chuideachta a dhíolann leictreachas leat agus lena n-íocann tú do bhillí. Féach ar suíomh gréasáin CER chun liosta a fháil de na soláthraithe leictreachais ar fad. 
Ní féidir. Is é ESB Networks an t-aon chuideachta amháin atá ceadúnaithe chun seirbhísí líonra a sholáthar agus líonraí nua leictreachais poiblí a thógáil in Éirinn.
Téigh go dtí ESB Networks PowerCheck chun faisnéis fíor-ama a fháil faoi gearrthacha cumhachta. Tuairiscigh dúinn ar líne é nó glaoigh orainn ag 1850 372 999 nó ar +353 21 2382410 mura bhfuil do cheantar ar an liosta.
Téigh go dtí ár Rannóg Gairmeacha le fáil amach cad iad na folúntais reatha atá againn.
Táimid freagrach as an Líonra go léir chomh fada leis an bPointe Méadraithe. Tú féin atá freagrach as an sreangú inmheánach. Seiceáil do lasca tuisleacha agus d’fhiúsanna (Féach ar ár bhFíseán). Mura réitíonn sé sin an cheist ba cheart duit dul i dteagmháil le conraitheoir cláraithe leictreachais.
Má bhíonn boinn na gcrann cruach leictreachais nó na gcuaillí dúbailte adhmaid ag cur isteach ar do chuid cleachtais ó lá go lá tá tú i dteideal íocaíocht chúitimh a fháil. Ní bhaineann sé seo le cuaillí singile adhmaid.
Déantar íocaíochtaí sa chéad ráithe gach bhliain i gcás línte leictreachais 38KV nó níos mó. Déantar na híocaíochtaí trí ríomhaistriú airgid go díreach isteach i do chuntas bainc.
Níl ESB Networks freagrach/faoi dhliteanas as aon rud laistigh d’áit chónaithe ach amháin cothabháil do mhéadar leictreachais. Tú féin atá freagrach as aon suiteálacha leictreacha eile i d’áit chónaithe.