De ghnáth bearraimid na craobhacha siar go mbíonn siad sábháilte. Má bhíonn na crainn éagobhsaí, áfach, agus an baol ann go bhféadfadh siad titim ar an líne leictreachais déanfaimid iad a ghearradh síos go hiomlán.
Mar Oibreoir an Chórais Dáileacháin (DSO), tá ESB Networks freagrach as leictreachas a thabhairt chuig do theach nó chuig do ghnó. Ní mór dúinn an líonra a chothabháil ar chaighdeáin idirnáisiúnta sábháilteachta agus leictreachais, agus a cinntiú go bhfuil soláthar leictreachais ar fáil ag gach custaiméir leictreachais.

Ar na freagrachtaí atá orainn tá:

  • An chumhacht a chur ar ais nuair a tharlaíonn fabhtanna ar an líonra agus nuair a chailltear an soláthar
  • Na naisc nua go léir a dhéanamh leis an ngréasán leictreachais
  • Ós Oibreoir Méadar muid, déanaimid na méadair leictreachais go léir a chothabháil agus a léamh.

 

Tá sé d’aidhm againn seirbhís den scoth a chur ar fáil i gcónaí dár gcuid custaiméirí.

Tá. Tá dualgas reachtúil ar ESB Networks do theach nó d’áitreabh a cheangal leis an ngréasán leictreachais beag beann ar do shuíomh agus faoi réir coinníollacha áirithe. Sonraítear na coinníollacha i luachan nua maidir le nascadh.
Más mian leat an t-adhmad a choinneáil déanfaidh ár gconraitheoirí na craobhacha a ghearradh agus iad a chur in áit oiriúnach stórála duit. Murar mian leat é sin déanfaidh siad an t-adhmad a dhiúscairt iad féin.

Is iad seo a leanas na hamanna is coitianta a mbeidh ort dul i dteagmháil linn:

  • Nuair bheidh an soláthar leictreachais caillte agat
  • I gcás éigeandála, mar shampla nuair a bheidh líne leictreachais tar éis titim agus ceist ann faoi shábháilteacht an líonra
  • Nuair a bhíonn sé riachtanach go ndéanfar athrú ar do sholáthar leictreachais, mar shampla d’acmhainn a mhéadú
  • Nuair a bhíonn nasc leictreachais nua riachtanach duit
  • Nuair is gá duit cábla faoi thalamh nó líne lastuas a chur ar bhealach eile
  • Má bhíonn fadhbanna voltais nó cumhachta agat - Más gá duit do mhéadar a athlonnú.
Is féidir, ach déanfaidh tú é ar do chostas féin. Ní mór duit leas a bhaint as an nasc Déan Teagmháil Linn roimh ré toisc go mb’fhéidir go mbeadh sé riachtanach dúinn na línte a dhícheangal go sealadach chun an obair a éascú.

Maidir le leictreachas Ísealvoltais a sholáthraíonn ESB Networks is é 230/400 volta, 50Hz, an caighdeán ainmniúil.

Geallann ESB Networks leictreachas aon phas a sholáthar a bheidh idir 207 Volta agus 253 Volta. Tá sé sin de réir Chaighdeán Eorpach EN50160.

Níor cheart duit iarracht a dhéanamh i gcás ar bith iad a ghearradh siar tú féin.  Dá ndéanfá teagmháil leis na sreanga beo d’fhéadfaí thú a mharú ar an toirt. Is speisialtóirí iad na conraitheoirí a ghearrann crainn agus tá taithí acu ar déileáil le sreanga beo nuair bhíonn crainn á ngearradh acu.
Tá tuairim is 150,000 ciliméadar de línte lastuas ag ESB Networks agus cothabhálann siad iad. Tá níos mó ná 2 mhilliún cuaille adhmaid ag iompar na línte lastuas sin.

Faigh amach níos mó inár bPríomhstaitisticí ESB Networks 2014 (PDF | 270 KB).

Is custaiméir de chuid ESB Networks gach duine a bhfuil nasc leictreachais acu i bPoblacht na hÉireann. I measc na gcustaiméirí eile tá cuideachtaí a sholáthraíonn leictreachas agus táirgeoirí fuinnimh in-athnuaite.