Is féidir - más mian leat gineadóir níos mó a shuiteáil téigh Gineadóir In-athnuaite/Leabaithe a Nascadh.
Ní féidir - Is coinníoll sábháilteachta é nach féidir aon gineadóir ceangailte leis an Líonra Leictreachas a fheidhmiú má tá an soláthar leictreachais curtha as nó dífhuinnimhithe.
Is féidir le mionghineadóirí turraing leictreach a thabhairt do dhuine nó guais chontúirteach a chruthú duit féin nó do do chomharsana. Ar mhaithe le do shábháilteacht féin, tá sé tábhachtach go gcomhlíonfaidh an t-aonad na caighdeáin sábháilteachta go léir. D'fhéadfá a bheith faoi dhliteanas dá ndéanfadh do gineadóir damáiste don ghréasán leictreachais nó don phobal i gcoitinne.

Níl aon fheidhm ag ESB Networks maidir le trealamh nó suiteálaithe a cháiliú. Mar sin féin, chun éascú a dhéanamh ar faisnéis maidir le trealamh agus suiteálaithe cáilithe a sholáthar do chustaiméirí leictreachais atá ag iarraidh leas a bhaint as an taraif, déanfaidh Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann (SEAI) liostaí a chothabháil de tháirgí agus de shuiteálaithe cláraithe a shásaíonn na caighdeáin ábhartha agus na riachtanais maidir le creidiúnú. Tá na liostaí á gcur le chéile faoi láthair agus beidh sé ar fáil go luath ar shuíomh gréasáin an SEAI ag:

Clár na Suiteálaithe agus

Clár Táirgí

Ba cheart do sholáthraithe agus do shuiteálaithe ar mhian leo clárú teagmháil dhíreach a dhéanamh le SEAI ag 01 8369080 nó ríomhphost a sheoladh chuig microgen@sei.ie.

Caithfidh do theach nua a bheith nasctha leis an eangach sula seoltar isteach an Fhoirm Fógra maidir le Micrighiniúint (NC6) (PDF | 35 KB). Beidh teastas sreangaithe ar leithligh riachtanach don mhionghineadóir.
Déan teagmháil le do Soláthraí Leictreachais agus inis dóibh gur mian leat go ndéanfar do chumhacht leictreachais a dhínascadh. Más mian leat an méadar a bhaint is féidir le do sholáthraí a shocrú go ndéanfar é sin ag an am céanna. Beidh uimhir do chuntais nó d’uimhir MPRN (d’uimhir thagartha mhéadarphointe) riachtanach. Má tá níos mó ná méadar amháin agat, tabhair dóibh uimhreacha na méadar (Uimhreacha RM), atá le feiceáil ar aghaidh na méadar.

Seol aon cheisteanna atá agat chuig an seoladh seo a leanas:

Riomhphost: dsogenerators@esb.ie

Teagmhálaí ESB Networks. Tabharfar na sonraí ag céim na tairisceana nasctha.

Glaoigh ar 1850 372 757+353 21 2386555 nó seol ríomhphost chuig: esbnetworks@esb.ie agus iarr go mbogfar an méadar. Iarrfar ort d’uimhir thagartha mhéadarphointe (MPRN) a thabhairt. 

Glaoigh ar 1850 372 757+353 21 2386555 nó faigh seoladh oifig áitiúil ESB Networks a dhéileáilfidh leis an iarratas. Beidh ort na nithe seo a leanas a thabhairt dúinn:

  • Léarscáil ón tSuirbhéireacht Ordanáis (ar scála 1:2500-1:10560), ina léirítear an áit ina bhfuil do shuíomh. Déan an suíomh a mharcáil go soiléir.
  • Plean mionsonraithe an tsuímh (ar scála 1:100-1:500) ina léirítear leagan amach na bhfoirgneamh nua agus aon fhoirgnimh atá ann cheana féin. Marcáil le peann dearg cén áit go díreach a bhfuil an líne nó an cuaille.

Glactar le fótachóipeanna.

 

Tabhair do d'aire: I gcásanna ina bhfuil foirgneamh nua á thógáil agat nó síneadh á chur agat le foirgneamh atá ann cheana féin, ní mór duit mionsonraí maidir le do chead pleanála a chur faoi iamh freisin.