Níl aon fheidhm ag ESB Networks maidir le trealamh nó suiteálaithe a cháiliú. Mar sin féin, chun éascú a dhéanamh ar faisnéis maidir le trealamh agus suiteálaithe cáilithe a sholáthar do chustaiméirí leictreachais atá ag iarraidh leas a bhaint as an taraif, déanfaidh Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann (SEAI) liostaí a chothabháil de tháirgí agus de shuiteálaithe cláraithe a shásaíonn na caighdeáin ábhartha agus na riachtanais maidir le creidiúnú. Tá na liostaí á gcur le chéile faoi láthair agus beidh sé ar fáil go luath ar shuíomh gréasáin an SEAI ag:
Clár na Suiteálaithe agus
Clár Táirgí
Ba cheart do sholáthraithe agus do shuiteálaithe ar mhian leo clárú teagmháil dhíreach a dhéanamh le SEAI ag 01 8369080 nó ríomhphost a sheoladh chuig microgen@sei.ie.