Le feiceáil anois: Clárú Féach gach Rud

I gcás custaiméirí baile agus tráchtála a dteastaíonn naisc uathu le haghaidh forbraíochtaí aonair nó forbraíochtaí il-aonaid, féadann siad iarratas a dhéanamh ar líne, chomh maith leo siúd atá ag iarraidh an acmhainn leictreachais a athrú.

Féadann custaiméirí baile agus tráchtála iarratas a dhéanamh ar líne le haghaidh athnaisc chomh maith, má bhí an t-áitreabh dínasctha ar feadh breis agus dhá bhliain.
Féadtar clárú le haghaidh Naisc Ar Líne anseo

Teastóidh seoladh ríomhphoist uait a úsáidfidh tú cibé uair is mian leat chun d’iarratas a leanúint. Nuair a bheidh do sheoladh ríomhphoist curtha isteach agat agus ‘seol an cód fíoraithe’ cliceáilte agat, beidh ort do ríomhphoist a oscailt chun an cód seo a chur isteach ar an leathanach clárúcháin. Nuair a bheidh an seoladh ríomhphoist agus an cód fíoraithe, beidh ort pasfhocal daingean a chur isteach. Beidh do chlárúchán críochnaithe nuair a cliceálann tú ar Cláraigh.
Teastóidh seoladh ríomhphoist uait a úsáidfidh tú cibé uair is mian leat chun d’iarratas a leanúint. Nuair a bheidh do sheoladh ríomhphoist curtha isteach agat agus ‘seol an cód fíoraithe’ cliceáilte agat, beidh ort do ríomhphoist a oscailt chun an cód seo a chur isteach ar an leathanach clárúcháin. Nuair a bheidh an seoladh ríomhphoist agus an cód fíoraithe, beidh ort pasfhocal daingean a chur isteach. Beidh do chlárúchán críochnaithe nuair a cliceálann tú ar Cláraigh.
Tógfaidh sé roinnt nóiméad clárú a dhéanamh. Nuair a chuireann tú do sheoladh ríomhphoist isteach, fíoraigh an cód a sheolaimid thar an ríomhphost, deimhnigh do phasfhocal agus beidh do chlárúchán críochnaithe.
Tá an cód fíoraithe a sheolaimid chuig do sheoladh ríomhphoist bailí ar feadh 5 nóiméad.
Seiceáil do chód fíoraithe. Tá an cód fíoraithe bailí ar feadh 5 nóiméad, mar sin féadfaidh sé go bhfuil an t-am seo istigh. Más amhlaidh atá, cliceáil ar ‘seol an cód fíoraithe arís’. De mhalairt air sin, féadtar teagmháil a dhéanamh linn ar Customer.New.Connections@esb.ie

Nuair a bheidh tú cláraithe ar líne, tá tú in ann an méid seo a dhéanamh:

  • Iarratas a dhéanamh ar líne le haghaidh nasc úr chuig áitreabh baile, gnó nó il-aonaid
  • Iarratas a dhéanamh ar líne acmhainn leictreachais an naisc reatha a athrú
  • Iarratas a dhéanamh ar líne áitreabh a athnascadh má bhí sé dínasctha ar feadh breis agus 2 bhliain
  • An dul chun cinn maidir haon iarratas a leanúint, idir an t-iarratas a chur isteach agus nasc a dhéanamh beo, i gcás nasc níos lú ná 100kVA
  • Teacht ar eolas maidir le riachtanais amuigh (amhail fógra a thabhairt dúinn go bhfuil do dhucht seirbhíse faoi thalamh réidh) ionas go bhféadann muid do nasc a bhrú ar aghaidh
Ní chaithfidh. Nuair a bheidh tú cláraithe ar líne, féadann tú iarratas a dhéanamh le haghaidh naisc iomadúla.
  • Lean na céimeanna seo:
  • Ón scáileán Logáil Isteach, roghnaigh ‘Pasfhocal Dearmadta’
  • Cuir isteach an seoladh ríomhphoist a d’úsáid tú chun clárú
  • Cliceáil ar 'Seol an Cód Fíoraithe'
  • Seiceáil do ríomhphost le haghaidh an chóid fíoraithe. Cinnteoidh an cód seo go bhfuil do shonraí slán
  • Cuir an cód seo isteach sa réimse ‘Cód Fíoraithe’ agus roghnaigh ‘Fíoraigh an Cód’
  • Cruthaigh pasfhocal nua
Féadann. Nuair a bheidh tú cláraithe ar líne, féadtar iarratas a dhéanamh le haghaidh naisc iomadúla