Má bhíonn fadhb voltais agat d’fhéadfá comharthaí mar seo a leanas a thabhairt faoi deara:
- Laghdaítear gile na soilse nuair a úsáidtear trealamh eile.
- Ní bhíonn an pictiúr ar an teilifís cobhsaí nuair a úsáidtear trealamh eile.
- Tógann sé tamall fada ar an gciteal uisce a fhiuchadh
- Teipeann ar mhótair leictreacha tosú an chéad uair
Tabhair do d'aire: Féadfaidh fadhbanna den sórt sin tarlú freisin má sháraíonn tú acmhainn do naisc leictreachais. Sa chás sin, beidh ort do leibhéal soláthair a mhéadú.