Is iondúil go n-íocann gineadóirí táillí nasctha ina gceithre thráthchuid. Is mar seo a leanas atá an sceideal íocaíochtaí:
Íocaíocht na Chéad Chéime: I gcomhréir le CER/09/138 bíonn íocaíocht neamh-inaisíoctha tosaigh ann nuair a ghlactar leis an gComhaontú Nasctha a bheidh cothrom le cibé acu is airde de 1 nó 2 thíos:
- 10 % den Ranníocaíocht Chaipitiúil (lena n-áirítear aon chostais mheasta a ghearrfar ar tháirgeoir an fhuinnimh ar dháta eisiúint na tairisceana), nó
- Cibé díobh seo is lú, €10,000 in aghaidh an MW den Uasacmhainn Easpórtála (MEC) nó 50% den Ranníocaíocht Chaipitiúl (lena n-áirítear aon chostais mheasta a ghearrfar ar tháirgeoir an fhuinnimh ar dháta eisiúint na tairsceanna).
Íocaíocht Dara Céime: A leithéid de dhara híocaíocht nuair a chuirfear í le híocaíocht na chéad céime go mbeidh siad araon cothrom le 65% den Ranníocaíocht Chaipitiúil iomlán a bheidh ag teastáil, lena n-áirítear aon chostais mheasta a ghearrfar ar tháirgeoir an fhuinnimh. Bíonn an íocaíocht seo dlite laistigh de thríocha lá gnó ón iarratas ar íocaíocht, agus ní mór í a dhéanamh sula gcuirfear tús le hobair thógála chun an Chuideachta a Nascadh.
Íocaíocht Tríú Céime: A leithéid de thríú híocaíocht go bhféadfar 90% den Ranníocaíocht Chaipitiúil iomlán a bheidh ag teastáil, (lena n-áirítear aon chostais mheasta a ghearrfar ar tháirgeoir an fhuinnimh) a thaifead i ndiaidh íocaíocht na tríú céime. Bíonn an íocaíocht seo dlite laistigh de thríocha lá gnó ón iarratas ar íocaíocht, agus ní mór í a dhéanamh mí féilire amháin roimh Dháta Feidhmaithe an Comhaontaithe Nasctha.
Íocaíocht na Céime Deireanaí: Iarmhéid Iomlán na Ranníocaíochta Caipitiúil (lena n-áirítear aon chostais gan íoc a ghearrfar ar tháirgeoir an fhuinnimh), aon aisíocaíochtaí atá dlite d'fhorbróirí eile, do Chustaiméir Úsáid Dáileacháin an Chórais (DUoS) nó do chiste Chlár Forbartha Uasghrádaithe an Eangaigh (GUDP) nuair a chuirtear isteach ar bhailíochtú sonraí agus sula seolann an Chuideachta sonraí maidir le honnmhairiú chuig Oibreoir an Mhargaidh Aonair Leictreachais (SEMO) le haghaidh íocaíochta.