Forálann an tAcht um Shaoráil Faisnéise 2014 go bhfuil sé de cheart ag gach duine:
- Rochtain a fháil ar thaifid atá ina seilbh ag comhlachtaí forordaithe ó thaobh saoráil faisnéise (faoi mar a mhínítear san Acht um Shaoráil Faisnéise)
- Faisnéis phearsanta fúthu atá ina sheilbh ag comhlacht forordaithe ó thaobh saoráil faisnéise a cheartú nó a nuashonrú má tá an fhaisnéis sin neamhiomlán, mícheart nó míthreorach
- Go dtabharfaí mínithe dóibh faoi chinntí a bhaineann leo a rinne comhlachtaí forordaithe ó thaobh saoráil faisnéise.
Ceanglaíonn an tAcht ar chomhlachtaí forordaithe ó thaobh saoráil faisnéise freagra a thabhairt ar iarratais ar fhaisnéis atá ina seilbh acu. I bhformhór na gcásanna, ní mór do chomhlachtaí poiblí cinneadh a thabhairt maidir le hiarratas laistigh de cheithre seachtaine ón am a fhaigheann siad é.
Ceanglaítear ar chomhlachtaí forordaithe ó thaobh saoráil faisnéise faisnéis a fhoilsiú i gcomhréir leis an scéim eiseamláireach foilseacháin agus spreagtar iad chun an oiread faisnéise agus is féidir a fhoilsiú lasmuigh de Shaoráil Faisnéise.
Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara go mb'fhéidir nach mbeadh sé riachtanach iarratas a dhéanamh ar fhaisnéis faoin Acht um Shaoráil Faisnéise. Tá cuid mhaith faisnéise ar fáil cheana féin don phobal trí shuíomhanna gréasáin, bileoga eolais, agus foilseacháin agus mar fhreagra ar fhiosrúcháin ó bhéil agus ar fhiosrúcháin scríofa.
Is féidir leat an tAcht um Shaoráil Faisnéise 2014 (PDF | 763 KB) a íoslódáil.
Tá tuilleadh eolais ar fáil ar shuíomh gréasáin Lár-Aonad Beartais um Shaoráil Faisnéise na Roinne Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe.
Le haghaidh ceisteanna breise faoi SF agus ESB Networks CGA. féadfaidh tú ríomhphost a sheoladh chuig foi@esbnetworks.ie nó scríobh chuig:
ESB Networks CGA
An Oifig um Shaoráil Faisnéise
5 Urlár, Teach Chlann Liam,
Plás Chlann Liam, Baile Átha Cliath 2