Maidir le bruscar atá taobh amuigh d’áitribh ESB Networks nó taobh leo déantar é a chosc nó a bhainistiú ar an leibhéal áitiúil.
Is dúshlán leanúnach déileáil le bruscar ag ár n-áiseanna leictreacha a bhaineann leis an líonra Tarchuir agus Dáileacháin agus nach mbíonn ár mbaill foirne ag obair iontu. Tá sé seo mar gheall ar líon mór agus raon geografach na n-áiseanna atá i gceist.
Cuirimid fáilte roimh gach gearán maidir le bruscar ag saoráidí ESB Networks agus déanaimid gach fadhb den sórt sin a thaifeadadh. Tá sé d’aidhm againn gach ceist a réiteach go pras agus go héifeachtach.
Coinnímid naisc láidre ar bun le húdaráis áitiúla agus oibrímid i gcomhar leo chun saincheisteanna bruscair a réiteach go tapa agus go héifeachtach. Mar shampla, tá Meabhrán Tuisceana sínithe ag ESB Networks le Comhairle Chathrach Bhaile Átha Cliath agus le Comhairle Contae Bhaile Átha Cliath Theas maidir le conas atá bruscar agus teagmhais graifítí le bainistiú i ndlínsí an dá údarás áitiúil. Tá sé beartaithe againn tionscnaimh den sórt sin a chur i gcrích le húdaráis áitiúla eile sa todhchaí.