(Tabhair do
d’aire nach liosta uileghabhálach é seo a leanas ach is léargas é ar na
cineálacha faisnéise comhshaoil a choimeádann ESB Networks CGA).
Faisnéis
faoi:
-
Bithéagsúlacht lena n-áirítear Beartas Bithéagsúlachta agus staidéir tionchair timpeallachta;
- Comhlíonadh Comhshaoil, lena n-áirítear ceadúnais agus ceadanna;
- Astaíochtaí isteach sa timpeallacht, lena n-áirítear astaíochtaí ó stáisiúin ghiniúna agus faisnéis maidir le Caillteanais Tarchurtha agus Dáilte
- Réimsí Leictreamaighnéadacha (ar a dtugtar EMF go coitianta)
-
Eisiltigh agus Dramhaíl, lena n-áirítear bainistiú dramhaíola agus bruscair, ceadúnais dramhaíola agus staitisticí;
- Córas Bainistíochta Comhshaoil ESB, a dheimhnítear go seachtrach go Caighdeán Idirnáisiúnta ISO 14001, lena n-áirítear áiseanna poist, beartais agus nósanna imeachta, faisnéis phráinnfhreagartha, faisnéis chumarsáide agus tionscnaimh;
- Léarscáileanna, lena n-áirítear córas faisnéise geografaí líonra léaráide. (Tabhair do d’aire nach gá gur faisnéis chomhshaoil iontu féin iad léarscáileanna atá á gcoimeád ag ESB Networks CGA, ach go bhféadfadh faisnéis chomhshaoil a bheith iontu).
- Faisnéis maidir le Cúraimí Pleanála, lena n-áirítear:
o Iarratais Phleanála,
o Ceadanna Pleanála,
o Measúnuithe Oiriúnachta,
o Scagadh,
o Measúnuithe Tionchair Timpeallachta,
o Measúnuithe Straitéiseacha Timpeallachta;
- Tuairiscí Inbhuanaitheachta Bliantúla ina bhfuil faisnéis faoi ghníomhaíochtaí Ghrúpa ESB i gcomhréir le Treoirlínte maidir le Tuairiscí Inbhuanaitheachta GRI G4, chomh maith le Forlíon Earnála Fóntais Leictreachais anseo agus anseo . Sna tuairiscí seo dírítear ar:
o Punann ísealcharbóin a fhorbairt
o Éifeachtúlacht fuinnimh agus inacmhainneacht
do chustaiméirí
o Gréasáin athléimneacha a fhorbairt chun
fuinneamh in-athnuaite a éascú
o Éabhlóid teicneolaíochtaí éiritheacha
o Bainistíocht timpeallachta agus oibríochtaí
éifeachtúil ó thaobh fuinnimh de