Is tábhachtaí linn do shábháilteacht, do shláinte agus d'fholláine. Is mian linn go n-éireoidh go geall leat ag an obair agus go mbainfidh tú amach cothromaíocht shásúil idir an obair agus an saol. Tá ESB Networks CGA tiomanta d'áit oibre ilchineálach, chuimsitheach a chur ar fail. Teastaíonn uainn go n-imreoidh an obair a dhéanfaidh tú linn tionchar dearfach ar cháilíocht do shaoil ar fad. Is é an chár dár gcuid is faide atá ar an bhfód ná ár gClár Cúnaimh d'Fhostaithe, trínar féidir leat tacaíocht rúnda, duine le duine a fháil ó chomhghleacaí oilte ag am ar bith a theastaíonn uait lámh chúnta. Cuirimid scrúdú sláinte, vacsaíní fliú agus comhairle phearsanta ar fáil freisin.