ESB Networks Gearrthacha Cumhachta Beartaithe

Planned Outage

Gearrthacha Cumhachta Beartaithe

Uaireanta bíonn orainn cur isteach ar do sholáthar cumhachta chun cothabháil riachtanach a dhéanamh. Briseadh beartaithe a thugtar ar sin nó briseadh beartaithe an tsoláthair. 

 

Tuigimid a mhíchaoithiúla is a bhíonn gearrthacha dár gcustaiméirí agus déanaimid ár ndícheall obair a dhéanamh agus na línte beo. Mar sin féin, ar roinnt ócáidí, ní mór na línte cumhachta agus cáblaí a lascadh as ar chúiseanna sábháilteachta. Mura ndéanfaí é sin bheadh sé ró-chontúirteach dár bhfoirne deisithe a bheith ag obair orthu.    

Fógra a thabhairt duit faoi ghearradh cumhachta beartaithe

Seolfaimid cárta fógartha duit dhá lá oibre ar a laghad roimh ré má tá do sholáthar le gearradh le haghaidh obair chothabhála. Féach ar ár Ráthaíocht faoi Sheirbhís Dáileacháin (PDF | 1 MB) anseo.

Inseofar duit ar an gcárta cathain a mheastar go ngearrfar an cumhacht agus an fad a bheidh sé gearrtha. Cé go gcríochnaítear formhór mór na ngearrthacha cumhachta pleanáilte laistigh den tréimhse ama réamh-mheasta, beidh ócáidí ann nuair a thógfaidh sé níos faide an obair a chríochnú mar gheall ar chúiseanna teicniúla nó sábháilteachta.  

Léirítear gearrthacha cumhachta beartaithe mar bhioráin ghlasa ar PowerCheck. Má théitear thar am déanfar é sin a nuashonrú ar Powercheck.

Leid: Coinnigh do reoiteoir dúnta  

Fanfaidh a bhfuil i do reoiteoir slán ar feadh suas le 24 uair an chloig gan leictreachas má choinnítear an reoiteoir dúnta. Ní mhaireann gearrthacha cumhachta níos faide ná ocht n-uaire de gnáth agus mar sin ba ba cheart go mbeadh an t-ábhar i do reoiteoir go breá sábháilte. Féach leideanna eile ar an gcaoi chun ullmhú le haghaidh ghearradh cumhachta

Leid Sábháilteachta: Ba cheart duit déileáil le leictreachas amhail is dá mbeadh sé beo i gcónaí le linn ghearradh cumhachta. D’fhéadfaí dosoláthar cumhachta a chur ar ai