Eolas maidir le Bristeacha Cumhachta

Ta ár gCóras Dáileacháin an-láidir ach d’fhéadfadh stoirmeacha agus smionagar á iompar ar an ngaoth damáiste a dhéanamh dó.  Má fheiceann tú nó má chloiseann tú faoi línte nó Líonra a ndearnadh damáiste dóibh NÁ DÉAN TEAGMHÁIL LEO - NÁ TÉIGH GAR DÓIBH.   Glaoigh orainn láithreach ar 1850 372 999.

 

Uimhir Éigeandála

1850 372 999

+353 21 2382410

(24 uair  / 7 lá na seachtaine)

Seiceáil na Scéalta is Déanaí

Seiceáil na Scéalta is Déanaí  le linn drochaimsire. Nó féach ar Networks Powercheck chun an scéal is déanaí a fháil faoi fhabhtanna.

Vulnerable Customer Policy

Custaiméirí Leochaileacha

Ceann de phríomhthosaíochtaí ESB Networks is ea freastal ar riachtanais na gcustaiméirí is leochailí ó thaobh chailleadh cumhachta. Léigh faoin gcaoi a dtacaímid le Custaiméirí Leochaileacha nuair a tharlaíonn gearradh cumhachta.

Live line crew working

Gearrthacha Cumhachta Beartaithe

Uaireanta bíonn orainn cur isteach ar do sholáthar leictreachais chun cothabháil riachtanach a dhéanamh. Gearradh cumhachta beartaithe nó gearradh soláthair beartaithe a thugtar ar seo.    

Tá tuilleadh eolais ar fáil anseo.

Bí Ullamh

Féadfaidh fabhtanna leictreachas tarlú agus is cinnte go dtarlóidh siad. Tá sé tábhachtach a bheith ullamh.

Tá cur síos againn ar fhaisnéis úsáideach a mholaimid dár gcustaiméirí go léir í a bheith ar eolas acu sula ndéanfar aon ghearradh cumhachta.

PowerCheck

Faisnéis Fíor-Ama

Cuireann ESB PowerCheck faisnéis fíor-ama ar fáil faoi na fabhtanna móra go léir. Seiceáil anseo le fáil amach faoi fhabhtanna i do cheantar. Tá aip shoghluaiste le fáil chomh maith.

ESB PowerCheck iPhone App

ESB PowerCheck Android App