ESB Networks agus an tSaoráil Faisnéise

Tá feidhm ag an Acht um Shaoráil Faisnéise, 2014 ar ESB Networks CGA ina cháil mar Oibreoir Ceadúnaithe an Chórais Dáileacháin (DSO). Is féidir cóip de Cheadúnas Oibreoir an Chórais Dáileacháin a íoslódáil anseo (PDF | 1 MB).

Céard í an tSaoráil Faisnéise? (SF)

Foráiltear san Acht um Shaoráil Faisnéise, 2014 go bhfuil sé de cheart ag gach duine:

  • Rochtain a fháil ar thaifid atá ina seilbh ag comhlachtaí forordaithe (arna sainmhíniú san Acht)
  • A chur faoi deara go ndéanfar faisnéis phearsanta atá ina sheilbh ag comhlacht forordaithe a cheartú nó a nuashonrú i gcás go bhfuil an fhaisnéis sin neamhiomlán, mícheart nó míthreorach
  • Go dtabharfar dó na cúiseanna a nglacann comhlachtaí forordaithe na cinntí a théann i bhfeidhm air.

Ceanglaíonn an tAcht ar chomhlachtaí forordaithe freagra a thabhairt ar iarratais ar fhaisnéis atá ina seilbh acu. I bhformhór na gcásanna, ní mór do chomhlachtaí poiblí cinneadh a thabhairt maidir le hiarratas tráth nach déanaí ná ceithre seachtaine tar éis a fhála.

Ceanglaítear ar chomhlachtaí forordaithe faisnéis a fhoilsiú i gcomhréir leis an scéim eiseamláireach foilseachán agus spreagtar iad chun an oiread faisnéise agus is féidir a fhoilsiú lasmuigh den phróiseas saorála faisnéise.

Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara go mb’fhéidir nár ghá iarratas a dhéanamh ar fhaisnéis faoin Acht um Shaoráil Faisnéise. Cuirtear cuid mhaith faisnéise ar fáil don phobal cheana féin ar láithreáin ghréasáin, i mbileoga eolais agus i bhfoilseacháin, agus mar fhreagra ar fhiosrúcháin ó bhéal agus i scríbhinn.

An tAcht um Shaoráil Faisnéise, 2014

(pdf | 763 KB)

Maidir leis an tSaoráil Faisnéise

Déan teagmháil linn
R-phost
Teagmháil