Gearrthacha de dheasca Drochaimsire

Sábháilteacht i gcás drochaimsire

Uaireanta bíonn drochaimsir ina cúis le línte cumhachta damáistithe, sreanga beo leagtha, dóiteáin agus gearrthacha cumhachta. Gheobhaidh custaiméirí comhairle thábhachtach agus sonraí teagmhála ar an leathanach seo.

Fanacht i dteagmháil le linn stoirmeacha

Tar éis drochaimsire, oibríonn ár bhfoirne leis an leictreachas a thabhairt ar ais chuig na ceantair atá buailte chomh luath agus is féidir ach an méid sin a dhéanamh go slán sábháilte. Má bhíonn an aimsir an-dona go deo, seans ann nach dtosófar ar a leithéid d'obair ar an bpointe. Is cuma cén chaoi a mbeidh an aimsir, déanfaimid ár seacht ndícheall an oiread faisnéise agus is féidir a thabhairt duit, lena n-áirítear cén uair a mheasaimid a thiocfaidh do sheirbhís leictreachais ar ais.

Gearrthacha de dheasca Drochaimsire

Leideanna Sábháilteachta maidir le Stoirmeacha

  • Bailigh le chéile tóirsí, cadhnraí breise agus fón póca.
  • Bíodh ár n-uimhir theileafóin éigeandála, 1800 372 999, ar eolas agat.
  • Bíodh do MPRN (ar do bhille) réidh agat freisin le go mbeimid in ann a dhéanamh amach cén líonra go baileach a bhfuil tú air.
  • Cuir d'ainm leis an gClár Leighis má tá deacrachtaí siúil agat nó má úsáideann tú trealamh leictreach leighis sa bhaile.
  • Múch gach fearas SEACHAS an cuisneoir agus an reoiteoir.
  • Más custaiméir leochaileach thú, nó má tá tú ag tabhairt aire d'aon chustaiméir leochaileach, cuir an méid sin in iúl do do sholáthraí leictreachais le tacaíocht bhreise a fháil.

Gineadóir Cúltaca a Úsáid

Labhair le do chonraitheoir cláraithe leictreachais faoi na rialacha speisialta a bhaineann le gineadóirí cúltaca a shuiteáil.

Cumhacht a chailleadh le linn stoirme

Breathnaigh ar ár bhfíseán seo lena fháil amach céard ba cheart duit a dhéanamh má chailleann tú cumhacht le linn stoirme agus cén chaoi teagmháil a dhéanamh linn i gcás éigeandála.

Má fheiceann tú cuaillí nó sreanga damáistithe, NÁ BAIN DÍOBH agus NÁ TÉIGH GAR DÓIBH.Cuir glao ar 1800 372 999 nó 999 112 ina ionad sin
Tá muid anseo 24/7
ÉIGEANDÁLA
1800 372 999
+353 21 2382410
FÓN
1800 372 757
Luan-Aoine 08:30-18:00 | Satharn 08:30-13:30