Saoráil Faisnéise

Saoráil Faisnéise

Ón 14 Deireadh Fómhair, 2015, tá feidhm ag an Acht um Shaoráil Faisnéise 2014 i gcás ESB Networks CGA ina cháil mar Oibreoir ceadúnaithe Córais Dáileacháin.

Foráiltear san Acht um Shaoráil Faisnéise, 2014, go bhfuil sé de cheart ag gach duine re réir an dlí:

  • Rochtain a fháil ar thaifid atá ina seilbh ag comhlachtaí forordaithe (arna sainmhíniú san Acht);
  • A chur faoi deara go ndéanfar faisnéis phearsanta atá ina sheilbh ag comhlacht forordaithe a cheartú nó a nuashonrú i gcás go bhfuil an fhaisnéis sin neamhiomlán, mícheart nó míthreorach;
  • Go dtabharfar dó na cúiseanna a nglacann comhlachtaí forordaithe na cinntí a théann i bhfeidhm air.

Ba ceart na nithe seo a leanas a bheith san áireamh i d'iarratas um shaoráil faisnéise:

  • Ráiteas go bhfuil an t-iarratas á dhéanamh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise;
  • An oiread eolais agus is féidir faoi na taifid a iarradh a bhaineann le feidhmeanna ceadúnaithe Oibreoir Córais Dáileacháin
  • An fhoirm nó an modh ar mian leat a aon taifid a scaoilfear a fháil (m.sh. mar fhótachóipeanna)
  • Do shonraí teagmhála.

Tabhair faoi ndeara go mbeidh cruthúnas céannachta ag teastáil i gcás iarratais um shaoráil faisnéise a bhaineann le faisnéis phearsanta.

Le tuilleadh eolais a fháil, féach Saoráil Faisnéise

Sonraí Teagmhála

ESB Networks CGA. An Oifig um Shaoráil Faisnéise:

R-phost: foi@esbnetworks.ie
Fón: +1800372757

Seoladh:

An Oifig um Shaoráil Faisnéise,
ESB Networks DAC,
An 4ú hUrlár,
3 Gateway,
East Wall Road, 
Baile Átha Cliath 3